Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Máirt, 8 Iúil, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Ní féidir do sclábha ar bith dhá mháistir a riaradh, óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuim den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t-airgead.

Lúcás 16:13

Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa, leanadh sé mé, agus an áit ina mbímse, is ann a bheidh mo fhriothálaí chomh maith. Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa, tabharfaidh m’Athair onóir dó.

Eoin 12:26

Lúcás 16 (An Bíobla Naofa 1981)

10 An té a bhíonn iontaofa faoin mbeagán, bíonn sé iontaofa faoin mórán freisin; agus an té a bhíonn mímhacánta faoin mbeagán, bíonn sé mímhacánta faoin mórán freisin.
11 Dá bhrí sin, mura raibh sibh iontaofa faoin airgead mímhacánta, cé a thaobhóidh libh an saibhreas fírinneach?
12 Agus mura raibh sibh iontaofa faoin rud a bhí ar iasacht agaibh, cé thabharfaidh daoibh an rud is libh de sheilbh dhílis?
13 Ní féidir do sclábha ar bith dhá mháistir a riaradh, óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuim den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t-airgead.”
14 Bhí na Fairisínigh, a thug grá don airgead, ag éisteacht leis an méid sin uile agus bhí siad ag dranngháire faoi.
15 Agus dúirt sé leo: “Is sibhse an dream a chuireann ríocht na bhfíréan oraibh féin i láthair daoine, ach is eol do Dhia bhur gcroíthe, óir an rud a bhíonn ardmheasúil dar le daoine, is ábhar déistine é i láthair Dé.
16 “Bhí an dlí agus na fáithe ann go dtí aimsir Eoin: ó shin i leith tá dea-scéal ríocht Dé á fhógairt, agus gach aon duine ag brú a shlí isteach inti le foréigean.

Read more...(to top)

Eoin 12 (An Bíobla Naofa 1981)

23 D’fhreagair Íosa iad agus dúirt:
“Tá an uair tagtha
chun go ndéanfaí Mac an Duine a ghlóiriú.
24 Amen, Amen, a deirim libh,
an gráinne arbhair a thit sa talamh,
mura bhfaigheann sé bás, fanann sé leis féin amháin.
Ach má fhaigheann sé bás,
tugann sé toradh mór uaidh.
25 An té a thugann grá dá anam féin,
caillfidh sé é,
agus an té a thugann fuath dá anam féin ar an saol seo,
déanfaidh sé é a choimeád chun na beatha síoraí.
26 Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa,
leanadh sé mé,
agus an áit ina mbímse,
is ann a bheidh mo fhriothálaí chomh maith.
Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa,
tabharfaidh m’Athair onóir dó.
27 Tá buaireamh ar m’anam anois.
Cad déarfaidh mé?
‘A Athair, saor mé ón uair seo’?
Ach is chuige sin a tháinig mé chun na huaire seo.
28 Athair, tabhair glóir do d’ainm!”
Ansin tháinig guth ó neamh: “Thug mé glóir dó, agus tabharfaidh mé glóir dó arís.”
29 Arna chloisteáil don slua a bhí ina seasamh timpeall, dúirt siad gur toirneach a rinneadh; dúirt cuid acu: “Aingeal a labhair leis.”

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

No servant can serve two masters, for either he will hate the one and love the other, or he will be devoted to the one and despise the other. You cannot serve God and money.

Luke 16:13

If anyone serves me, he must follow me; and where I am, there will my servant be also. If anyone serves me, the Father will honor him.

John 12:26

Lúcás 16 (English Standard Version)

10 “One who is faithful in a very little is also faithful in much, and one who is dishonest in a very little is also dishonest in much.
11 If then you have not been faithful in the unrighteous wealth, who will entrust to you the true riches?
12 And if you have not been faithful in that which is another's, who will give you that which is your own?
13 No servant can serve two masters, for either he will hate the one and love the other, or he will be devoted to the one and despise the other. You cannot serve God and money.”
14 The Pharisees, who were lovers of money, heard all these things, and they ridiculed him.
15 And he said to them,
“You are those who justify yourselves before men, but God knows your hearts. For what is exalted among men is an abomination in the sight of God.
16 “The Law and the Prophets were until John; since then the good news of the kingdom of God is preached, and everyone forces his way into it.

Read more...(to top)

Eoin 12 (English Standard Version)

23 And Jesus answered them,
“The hour has come for the Son of Man to be glorified.
24 Truly, truly, I say to you, unless a grain of wheat falls into the earth and dies, it remains alone; but if it dies, it bears much fruit.
25 Whoever loves his life loses it, and whoever hates his life in this world will keep it for eternal life.
26 If anyone serves me, he must follow me; and where I am, there will my servant be also. If anyone serves me, the Father will honor him.
27 “Now is my soul troubled. And what shall I say? ‘Father, save me from this hour’? But for this purpose I have come to this hour.
28 Father, glorify your name.”
Then a voice came from heaven: “I have glorified it, and I will glorify it again.”
29 The crowd that stood there and heard it said that it had thundered. Others said, “An angel has spoken to him.”

Read more...(to top)