Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Domhnaigh, 24 Lúnasa, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Is é an dá mhar a chéile iad an síoladóir agus an t-uiscitheoir ach cúiteofar a shaothar féin le gach duine acu.

1 Corantaigh 3:8

Feach, is gearr go dtiocfaidh mé, agus mo luach saothair liom le tabhairt do gach duine de réir mar atá ag a shaothar.

Apacailipsis (Taispeántadh) 22:12

1 Corantaigh 3 (An Bíobla Naofa 1981)

5 Céard é Apollós nó céard é Pól? Níl iontu ach na seirbhísigh trínar chreid sibh, gach duine acu mar a dháil an Tiarna air:
6 mise a chuir an síol, Apollós a chuir an t-uisce leis ach is é Dia a chuir ag fás é.
7 Ní hiad an síoladóir, mar sin, ná an t-uiscitheoir, ar fiú iad aon ní ach Dia amháin, a chuireann an síol ag fás.
8 Is é an dá mhar a chéile iad an síoladóir agus an t-uiscitheoir ach cúiteofar a shaothar féin le gach duine acu.
9 Comhoibrithe le Dia atá ionainne agus gort Dé, foirgneamh Dé, is ea sibhse.
10 De réir an ghrásta a thug Dia dom, leag mise an bhunsraith mar a dhéanfadh an t-ardsaor oilte agus fear eile atá ag tógáil uirthi. Faireadh gach duine a chuid tógála féin áfach,
11 mar ní féidir d’aon duine bunsraith eile a leagan ach an ceann atá thíos cheana féin, agus is é Íosa Críost an bhunsraith sin.

Read more...(to top)

Apacailipsis (Taispeántadh) 22 (An Bíobla Naofa 1981)

9 Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre, na fáithe, agus leis na daoine a choinníonn briathra an leabhair seo. Déan Dia a adhradh.”
10 Agus dúirt sé liom: “Ná cuir séala ar bhriathra fháistine an leabhair seo mar tá an uain in achomaireacht.
11 Fear na héagóra, déanadh sé éagóir fós; agus fear an striapachais, leanadh sé dá striapachas; fear na córa, cleachtadh sé an chóir fós; agus an naomh, leanadh sé dá naofacht.”
12 “Feach, is gearr go dtiocfaidh mé, agus mo luach saothair liom le tabhairt do gach duine de réir mar atá ag a shaothar.
13 Mise an tAlfa agus an tÓimige, an té atá ar tosach agus ar deireadh, an tús agus an chríoch.”
14 Is méanar dóibh siúd a níonn a n-éidí, chun go mbeadh ceart acu chun crann na beatha, agus dul na geataí isteach don chathair.
15 Amach leis na madraí, na hasarlaithe, na hadhaltranaigh, na dúnmharfóirí, lucht an íoladhartha, agus gach duine a bhfuil cion aige ar an éitheach agus a chleachtann é.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

He who plants and he who waters are one, and each will receive his wages according to his labor.

1 Corinthians 3:8

Behold, I am coming soon, bringing my recompense with me, to repay everyone for what he has done.

Revelation 22:12

1 Corantaigh 3 (English Standard Version)

5 What then is Apollos? What is Paul? Servants through whom you believed, as the Lord assigned to each.
6 I planted, Apollos watered, but God gave the growth.
7 So neither he who plants nor he who waters is anything, but only God who gives the growth.
8 He who plants and he who waters are one, and each will receive his wages according to his labor.
9 For we are God's fellow workers. You are God's field, God's building.
10 According to the grace of God given to me, like a skilled master builder I laid a foundation, and someone else is building upon it. Let each one take care how he builds upon it.
11 For no one can lay a foundation other than that which is laid, which is Jesus Christ.

Read more...(to top)

Apacailipsis (Taispeántadh) 22 (English Standard Version)

9 but he said to me, “You must not do that! I am a fellow servant with you and your brothers the prophets, and with those who keep the words of this book. Worship God.”
10 And he said to me, “Do not seal up the words of the prophecy of this book, for the time is near.
11 Let the evildoer still do evil, and the filthy still be filthy, and the righteous still do right, and the holy still be holy.”
12 “Behold, I am coming soon, bringing my recompense with me, to repay everyone for what he has done.
13 I am the Alpha and the Omega, the first and the last, the beginning and the end.”
14 Blessed are those who wash their robes, so that they may have the right to the tree of life and that they may enter the city by the gates.
15 Outside are the dogs and sorcerers and the sexually immoral and murderers and idolaters, and everyone who loves and practices falsehood.

Read more...(to top)