Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< An Briathar do Dé Céadaoin, 17 Meán Fómhair, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Chonaic Dia gach a ndearna sé agus, féach! bhí sé go sármhaith.

Geineasas 1:31

Ansin dúirt an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir: Féach, tá gach aon ní á dhéanamh nua agam.

Apacailipsis (Taispeántadh) 21:5

Geineasas 1 (An Bíobla Naofa 1981)

28 Agus bheannaigh Dia iad á rá leo: “Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air. Bíodh tiarnas agaibh ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar talamh.”
29 Dúirt Dia: “Féach! Thugas daoibh gach uile lus le síol dá bhfuil ar chlár na talún, agus gach uile chrann le síol ina dtoradh; iadsan a bheidh ina mbia agaibh.
30 Mar bhia ag na hainmhithe allta go léir, ag éanlaith an aeir go léir, agus ag na péisteanna go léir a bhogann ar talamh tugaim glas gach fáis.” Agus bhí sin amhlaidh.
31 Chonaic Dia gach a ndearna sé agus, féach! bhí sé go sármhaith. Ba shin an séú lá, an nóin agus an mhaidin.

Read more...(to top)

Apacailipsis (Taispeántadh) 21 (An Bíobla Naofa 1981)

2 Agus chonaic mé an chathair naofa, an Iarúsailéim nua, ag teacht anuas ó na flaithis, ó Dhia agus í ullamh maisithe mar nuachair i gcomhair a fir chéile.
3 Agus chuala mé guth tréan ón ríchathaoir á rá: “Féach, tá áitreabh Dé fara daoine, agus cónóidh sé ina measc, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia féin faru.
4 Glanfaidh sé gach deoir óna súile, agus ní bheidh an bás ann feasta, ná ní bheidh caoineadh ná olagón ná pian ann a thuilleadh, óir tá an seansaol thart.”
5 Ansin dúirt an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir: “Féach, tá gach aon ní á dhéanamh nua agam.” Agus ar sé: “Scríobh. Óir is dílis agus is fírinneach iad na focail seo.”
6 Agus dúirt sé liom: “Tá sé curtha i gcrích. Mise Alfa agus Óimige, an tús agus an deireadh. An té a bhfuil tart air tabharfaidh mé rud le hól dó in aisce ó thobar uisce na beatha.
7 An té a bhéarfaidh bua, beidh na nithe seo mar oidhreacht aige, agus beidh mise i mo Dhia aige, agus beidh seisean ina mhac agam.
8 Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

God saw everything that he had made, and behold, it was very good.

Genesis 1:31

He who was seated on the throne said, Behold, I am making all things new.

Revelation 21:5

Geineasas 1 (English Standard Version)

28 And God blessed them. And God said to them, “Be fruitful and multiply and fill the earth and subdue it and have dominion over the fish of the sea and over the birds of the heavens and over every living thing that moves on the earth.”
29 And God said, “Behold, I have given you every plant yielding seed that is on the face of all the earth, and every tree with seed in its fruit. You shall have them for food.
30 And to every beast of the earth and to every bird of the heavens and to everything that creeps on the earth, everything that has the breath of life, I have given every green plant for food.” And it was so.
31 And God saw everything that he had made, and behold, it was very good. And there was evening and there was morning, the sixth day.

Read more...(to top)

Apacailipsis (Taispeántadh) 21 (English Standard Version)

2 And I saw the holy city, new Jerusalem, coming down out of heaven from God, prepared as a bride adorned for her husband.
3 And I heard a loud voice from the throne saying, “Behold, the dwelling place of God is with man. He will dwell with them, and they will be his people, and God himself will be with them as their God.
4 He will wipe away every tear from their eyes, and death shall be no more, neither shall there be mourning, nor crying, nor pain anymore, for the former things have passed away.”
5 And he who was seated on the throne said, “Behold, I am making all things new.” Also he said, “Write this down, for these words are trustworthy and true.”
6 And he said to me, “It is done! I am the Alpha and the Omega, the beginning and the end. To the thirsty I will give from the spring of the water of life without payment.
7 The one who conquers will have this heritage, and I will be his God and he will be my son.
8 But as for the cowardly, the faithless, the detestable, as for murderers, the sexually immoral, sorcerers, idolaters, and all liars, their portion will be in the lake that burns with fire and sulfur, which is the second death.”

Read more...(to top)