Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

An Briathar do Dé Domhnaigh, 6 Aibreán, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Feicfidh mise, áfach, do aghaidh i bhfíréantacht, agus ag dúiseacht dom sásófar mé le radharc do ghnúise.

Salm 17:15

Is í do shúil lampa do choirp. Nuair a bhíonn do shúil slán, bíonn do chorp ar fad solasmhar freisin. Ach nuair a bhíonn sí tinn, bíonn do chorp ar fad sa dorchadas.

Lúcás 11:34

Salm 17 (An Bíobla Naofa 1981)

12 Is cosúil iad le leoin ar thóir a gcreiche,
le coileáin leoin i bhfolach sa dorchacht.
13 Éirigh ina n-aghaidh, á dtreascairt, a Thiarna;
saor m’anam ón éagráifeach le faobhar do chlaímh.
14 Go saora do lámh mé, a Thiarna, ó dhaoine
a bhfuil mian a gcroí i nithe an tsaoil seo.
Líonann tú a mbolg as do líonmhaireacht
go mbíonn díol a sáithe ag a gclann,
agus go bhfágann siad fuíoll ag a leanaí.
15 Feicfidh mise, áfach, do aghaidh i bhfíréantacht,
agus ag dúiseacht dom sásófar mé le radharc do ghnúise.

Read more...(to top)

Lúcás 11 (An Bíobla Naofa 1981)

31 Éireoidh banríon an deiscirt in am an bhreithiúnais le muintir na glúine seo agus daorfaidh sí iad, óir tháinig sise as imill na cruinne ag éisteacht le heagna Sholaimh, agus tá anseo neach is mó ná Solamh.
32 Éireoidh muintir Nínivé ina seasamh in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad aithrí nuair a d’fhógair Ióna é, agus tá anseo neach is mó ná Ióna.
33 “Ní lasann aon duine lampa agus é chur i bpoll folaigh, ná faoi bhéal na peice, ach ar an gcrann solais, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an tsoilse.
34 Is í do shúil lampa do choirp. Nuair a bhíonn do shúil slán, bíonn do chorp ar fad solasmhar freisin. Ach nuair a bhíonn sí tinn, bíonn do chorp ar fad sa dorchadas.
35 Féach chuige, mar sin, nach mbíonn an solas atá ionat ina dhorchadas.
36 Má bhíonn do chorp ar fad solasmhar dá bhrí sin, gan aon chuid den dorchadas ann, beidh sé solasmhar ar fad nuair a shoilsíonn an lampa lena ghile thú.”
37 Le linn na cainte, thug Fairisíneach cuireadh dó chun a mheán lae ina theach. Chuaigh sé isteach agus lig faoi ag bord.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

I shall behold your face in righteousness; when I awake, I shall be satisfied with your likeness.

Psalm 17:15

Your eye is the lamp of your body. When your eye is healthy, your whole body is full of light, but when it is bad, your body is full of darkness.

Luke 11:34

Salm 17 (English Standard Version)

12 He is like a lion eager to tear,
as a young lion lurking in ambush.
13 Arise, O Lord! Confront him, subdue him!
Deliver my soul from the wicked by your sword,
14 from men by your hand, O Lord,
from men of the world whose portion is in this life.
You fill their womb with treasure;
they are satisfied with children,
and they leave their abundance to their infants.
15 As for me, I shall behold your face in righteousness;
when I awake, I shall be satisfied with your likeness.

Read more...(to top)

Lúcás 11 (English Standard Version)

31 The queen of the South will rise up at the judgment with the men of this generation and condemn them, for she came from the ends of the earth to hear the wisdom of Solomon, and behold, something greater than Solomon is here.
32 The men of Nineveh will rise up at the judgment with this generation and condemn it, for they repented at the preaching of Jonah, and behold, something greater than Jonah is here.
33 “No one after lighting a lamp puts it in a cellar or under a basket, but on a stand, so that those who enter may see the light.
34 Your eye is the lamp of your body. When your eye is healthy, your whole body is full of light, but when it is bad, your body is full of darkness.
35 Therefore be careful lest the light in you be darkness.
36 If then your whole body is full of light, having no part dark, it will be wholly bright, as when a lamp with its rays gives you light.”
37 While Jesus was speaking, a Pharisee asked him to dine with him, so he went in and reclined at table.

Read more...(to top)